Táimid ag earcú do ról Stiúrthóir Chultúrlann Uí Chanáin.
Beidh an t-iarrthóir rathúil i gceannas ar fhoireann spreagtha agus fhuinniúil i gceithre rannóg; iad uile freagrach as ár ngníomhaíochtaí oideachais, cultúrtha agus ealaíonta, trasphobail agus óige a chur chun cinn. Cuirfidh sé/sí aidhmeanna straitéiseacha an bhoird a thabhairt chun críche, beidh an té sin ag bainistiú buiséad agus acmhainní na heagraíochta, agus treoróidh an duine tionscnaimh nua agus gníomhaíochtaí le hairgead a thiomsú le fás agus forbairt bhreise gníomhaíochtaí na Gaeilge a ghríosú fud fad na tíre.
Freagrach do: Bord An Ghaelárais, Cultúrlann Uí Chanáin
Conradh: Lán-aimseartha
Áit: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Uaireanta oibre: 37.5 uair an chloig
Tuarastal: £38,000
Caithfidh iarratais chomhlánaithe teacht faoi Dé Luain an 7ú Iúil 2025 @ 4pm.