Beidh Oifigeach Tionscadail Muintearas freagrach as clár Muintearas PEACEPLUS a sheachadadh, le tacaíocht ó PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) agus atá á mhaoiniú trí Phlean Gníomhaíochta Comhdheartha Áitiúil Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.
Tá an tionscadal á mhaoirsiú ag Tionscadal Droichead, a dhéanann maoirseacht ar gach tionscnamh dea-chaidrimh a bhainaenn leis an Ghaeláras.
Is deis é an ról seo do dhuine inteacht a bhfuil spéis acu i gcuir chuige oibre nuálacha agus chomhoibríocha agus tiomantas acu dóibh le claontacht a cheistiú agus dearcthaí dearfacha i leith cultúir agus féiniúlachtaí eile a chur chun cinn, agus rannpháirtíocht shóisialta agus tógáil síochána inbhuanaithe agus ionchuimsitheach a chur chun cinn.
Freagrach do: Comhordaitheoir Ionchuimsitheachta Cultúrtha
Conradh: Páirtaimseartha
Áit: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Uaireanta oibre: 30 uair an chloig
Tuarastal: £22,560 (£28,226 coibhéis lánaimseartha)
Tá tuilleadh eolais agus cur síos poist iomlán ar fáil anseo: https://tinyurl.com/2p3bsdt3
Le hiarratas a dhéanamh, cuir CV agus litir chlúdaigh (ag tabhairt faoi na gcritéar, le do thoil) chuig: john@culturlann.org
Caithfidh iarratais chomhlánaithe teacht faoi Dé hAoine an 4 Iúil 2025 @ 12pm
___
The Muintearas Project Officer will be responsible for the delivery of the PEACEPLUS Muintearas programme, supported by PEACEPLUS, a programme managed by the Special EU Programmes Body (SEUPB) and funded through Derry City and Strabane District Council’s PEACEPLUS Local Co-Designed Action Plan.
The project is overseen by the Droichead Project, which oversees all good relations initiatives related to An Gaeláras.
This role is an opportunity for someone with an interest in and commitment to innovative and collaborative working approaches to challenge prejudice and promote positive attitudes towards other cultures and identities and promote sustainable and inclusive social engagement and peace-building.
Responsible to : Cultural Inclusion Coordinator
Contract : Part-time
Location : Cultúrlann Uí Chanáin, Derry
Hours of work : 30 hours
Salary : £22,560 (£28,226 FTE)
More information and a full job description are available here: https://tinyurl.com/2p3bsdt3
To apply, please email a CV and covering letter (addressing the criteria please) to: john@culturlann.org
Completed applications must arrive by Friday 4th July 2025 @ 12pm